Another World is Possible: Cara Park

Another World is Possible is a series on NVTV.

Mar chuid dá sraith nua ‘Tá Domhan Eile Indéanta’, shuigh Cara Park síos le labhairt le Northern Visions ar na mallaibh.

Is ealaíontóir agus gníomhaí feimineach as Doire í Cara. Labhraíonn sí faoin tionchar a bhí ag an chathair sin agus a cultúr láidir feimineach uirthi agus í ag fás aníos inti.

Thóg Cara raic i Márta 2014 mar gheall ar an fheisteas a chaith sí ag an imeacht Alternative Miss Ulster i Stair-Mhonadh. “Bhí sé maith don rud a bhí mé ag rá fosta, mar sin an rud go díreach a bhí me ag caint faoi. Má bhíonn mná ag labhairt amach sa phobal, caithfidh sí glacadh ar bord go mbeidh daoine ag tabhairt amach faoin bhealach atá sí gléasta, agus níl sin i gceart.”

Labhraíonn sí chomh maith faoina comhshaolachas agus faoin phlean atá aici bliain a chaitheamh ag maireachtáil ar an talamh, agus súil aici é a thiontú ina thionscnamh oideachais agus ealaín phobail.

“Bímse féin, bíonn muid uilig ag ídiú agus ag ídiú agus ní bhíonn muid ag cruthú rud ar bith. Mothaím cineál mar ghiolla in amanna don saol sin. Agus cén dóigh ar thig liom é a athrú? B’fhéidir nach é seo an freagra, b’fheidir nach n-oibreoidh sé, ach caithfidh mé triall a bhaint as.”

As part of its new series ‘Another World is Possible’, Cara Park recently sat down to talk to Northern Visions. Cara is an artist and feminist activist from Derry. She talks about the influence of growing up in that city, which she felt had a strong feminist culture.

Cara caused a bit of a stir in March 2014 as a result of the costume she wore at the Alternative Miss Ulster event in Stormont. “It was good for what I was saying too, because that’s exactly what I was talking about. If women speak out in public, they have to take onboard that people will give out about how they dress, and that’s not right.”

She also talks about her environmentalism and her plan to spend a year living off the land, which she hopes to turn into a community art and education project. “I, and all of us, we consume and consume and we don’t create anything. I sometimes feel like a slave to that life. And how can I change it? This might not be the answer, it might not work, but I have to try it.”